Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)

Suíomh:
Drom Cloch, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Riobárd Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 334C

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 334C

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Leathanach 334C
  3. XML “Linguistic - Proverbs, Rhymes, Riddles etc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 2.
    Má theastuigheann uait bheith go saidhbhir
    Eirigh moch agus luigh déanach;
    Beagán d'ithe agus mórán do dhéanamh
    Déin duit féin nó bí i n-éaghmuis
    Abraim leat, gan a bheith lag ná spriodhánta
    Ach ar eagla do bheith bocht is maith do bheith coiméadtach.
    Fearthainn a chuiníonn gaoth.
    Is fearr focal sa chúirte na púnt sa sparán.
    Níor bhris focal maith fiacal riamh.
    Is fearr mac le h-imirt ná mac le h-ól.
    Ní dhéanfadh an saoghal capaill ráis d'asal.
    Is dána gach madra ar doras a thighe féin.
    Mol an óige agus tiocfaid sí.
    Bíonn fios a chúise ag an bpúca.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge