Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 332
  3. XML “Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Prátai a bhíodh chun breacfeasta ag na daoine fadó agus leite mine bhuidhe i gcóir a ndinnéir. Ní ithidís acht dhá bhéile bhídh sa ló. Nuair a bíodh na prátaí úsáidthe acu acht an síol do bhíodh arán mincórnan agus arán seagail agus min coirce chun praiseach a dheanamh dí. Bhí bróinte ins gach aon tig an uair sin.
    Mharbhuigheadh na daoine saibhre mairt dóibh féin. D'imigheadh na daoine bochta chun na gcnoc ag brocuigh agus is mó broc breágh méith a thugaidís abhaile leó [?] san aon oidhche amháin. Bhí faill eile go dtugaidís [?] a Bhulláin air, agus thugaidis dachad ceann as an oidhche eile leó. Dheinidís iad a sgóladh annsan agus do scrios ar nós na muice. Chuiridís ar salann annsan iad ar feadh trí seachtmhaine. Nuair a bheadh an fheóil beirithe[?] ní aithneóchadh aoinne ó piosa muicfheóla í. Nior baon iongnadh an té a bhuaileadh iompa ag teacht abhaile go ndeireadh sé go mbeadh rud ar a mbior acu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó h-Uallacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó h-Uallacháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí