Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sagart ag siubhal an bhóthair lá agus é ag leigheamh an phortúis. Tháinig bean tinnceara suas leis ag iarraig deirce. Nior chuir sé aon tsuim uirte. I dtreó go néisteadh sé lei tháinig sí roimis ar an mbóthar agus dubhairt "Teachtaire ó Dhia iseadh mise A Athair." "Mhuise" arsan sagart go neamh-chas (?) nách gioballach d'fhág Sé amach thu.
    An sagart ceudna bhí sé amuigh lá agus bhuail bucaillín ó air. Chuir an sagart air agus d'iarr air a raibh a Theagasc Chriostuidhe aige. Ambaiste dubhairt an buachaill go raibh. "Cá bhfuil Dia?" ars an sagart. "Tá sé ins gach aon áit" ars an buachaill. "An bhfuil sé istig id phóca? ars an sagart. "Níl" arsan buachaill. "Cad dubhraís ó chianaibh?" arsan sagart. "Dubhairt" arsan buachaill "go bhfuil Se ins gach aon áit." "Anois" arsan sagart "bhfuil Sé id phóca." "Níl" arsan buachaill "mar níl aon phóca in aon chor agam."
    Chuaidh súinear, gabha agus tailliúr ag bádóíreacht lá. Nior bhfada amuigh iad nuair deirig stoirm. Bhiodar i ndeire a n-anam le scannradh. D'iarr an gabha ar an mbeirt eile a raibh aon phaidir acu. "Tá agam" arsan táilliúr. "Abair é" arsan gabha agus ní baol duinn. "A Dhia Mhóir láídir" arsan táilliúr "tá se seacht mbliana deug ó chuireas aon trioblóid ort agus geallaim duit má sábhalann tú anois me go mbeidh sé an faid ceudna airí go ndeunfaidh (?) aon chuir isteach ort.
    Fuarathas ó: Dhiarmuid Ua Caochlaí (100 bl.) Snámh, Beanntraighe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    100
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí