Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thug bodaire do dhuine uasal cuireadh nuair dá chomharsanaibh teacht chun dinnéar mar bhí ollamh aige dhóíbh. Bé an ceud bheirt a tháinig na feirmeóir agus a bhuachaill aimsire. Bhí airc ar an mbuachaill chun bídh. Do cuireadh na suidhe chun bhúird iad. Tháinig an cócaire agus chuir sí rómpa ar an mbórd prátaí ar mhéis agus piosa breagh mairtfheóla ar mhéis eile. Ar bhórd beag le hais na beirte leag sí mias eile agus piosa feóla uirti. Sin piosa do chaora duibh i gcóír na cuideachtan tá gan teacht fós ar sise. Thosnuig an buachaill ag grabhas agus tormaisg i dtaobh gan an chaora dhubh a bheith aige fein. Tar éis tamaill bhig tháinig an caillín arís agus chuir bradán rósta ós comhair na beirte. D'itheadar. I gcionn tamaill arís thug sí piosa fiadh dóíbh agus d'itheadar. Pé rud a tabharfaí do'n bhuachaill ní beadh sé sásta, lean sé ag sior gearán agus ag cnáímhseáíl. Bhí fear an tighe ag éisteacht leis agus nídh nár bionghadh bhí se brean de. Sa deire dubhairt sé mar seo:
    "Is mairg na cnuasuigheann ciall,
    Agus na cuireann srian le na ghuth,
    Sar a tháinig an bradán agus an fiadh
    Ba mhaith an biadh é an chaora dhubh.

    Fuarathas ó: Tadhg Ua Briain 76bl Cúr Uí Choimeád
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí