Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí na chomnuidhe sa chomarsanacht so is dócha go bhfuil sé ceithre fiche blian ó shoin saghas file darb ainm Domhnall a Tuille. Is annamh a dheineadh sé aon fhilidheacht air nuair ná beadh rud eigin chun a tholla, dá shon san aoir nó cáineadh is mó a dheineadh se.
Bhí fear ar a dtugtaí an Róisteach sa bhaile ceudna agus bhí Domhnall agus blian airighthe in aimsir bainte na bprátaí bhí an Róisteach na luighe le fiabhras. D'iarr bean an Róistigh ar Dhomhnall meithioll a bhailiú chun na bprátaí a bhaint. Do dhein. Tháinig lá na michille agus bhailigh miothall mór chun an gharaidhe. Buachaillí óga is mó bhí ann. Nuair a tháinig meadhon lae thuig bean an tithe an dinnear amach chun na páirce. Prátaí beaga, prátaí scoilte agus bláthach a bhí acu i gcoir a ndinnéir. Nuair a chonnaic Domhnall an saghas bídh a cuireadh rómpa deir sé ar buile agus dubhairt sé leis na buachaillí gan iad a bhlaiseadh. go labharadh sé fein a phaidireacha orta. Seo mar a dubhairt sé
" A ghanngair (duine ocrach) an dreamsa na tháitig crudhtain,
Ach leamhnacht bog gamhanach le barra suaircis,
Gan annlan le neannta go maidin fhuarthaig
Ach gramhais (criocháin) na raibh ramhar agus bainne suaithte"
Do leim Domhnall thar claidhe agus lean an mhithioll go léir é. Níor baineadh na prátaí ó shoin.- Faisnéiseoir
- Seán Ua hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí