Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 324

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 324

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 324
  3. XML “Bean a Fuadaíodh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lanamha i na gcómhnuidhe sa mBarra Buidhe tímcheall 100 bliadhan óshoin Bhíodar ana chompórdamhail.
    San am san do sgiobadh na Daoine Maithe aon bhean a thaithneadh leó agus do sgiobadar an bhean seo. Do buaileadh breóidte í agus ní bhlaisfeadh sí biadh ná deoch agus ní fhágfadh sí an leabaidh dá fear. Acht do tugadh fear an tighe fé ndeara go mbiodh bolgán den bhainne agus taoscán de'n císde imtighthe gach maidean.
    Aon lá amháin do mhairbh sé gamhan dá chlainn. Nuair a bhí sé beirighthe aige do chuir sé isteach í sgítheóig é chun é fuaradh, agus annsan chuaidh sé ag obair. Am thráthnóna do chuaidh sé chuin na sgítheóige chun rud éigin a thabhairt dá chlainn le nithe. Bé Toil Dé ná raibh ann acht carn cnáma. Bhí iongnadh ar an bhfear. Do cuaidh sé go bean feasa agus Peig Ní Luan [?] ab ainm di. Dubhairt sise leis sluasad dean do ropadh fuithe agus da madh rud é nár bí a bhean féin abhí ann rithfeadh an duine amach. Nuair a rop an fear an tsluasad fúithe rith sí amach. Tháinig a bhean féin isteach chuige annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rinn an Dísirt, Co. Chorcaí