Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Sean-Nósanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó nuair a gheibheadh duine bás thugadh muintear an duine mhairbh pagh do duine eigin, seana-bhean de gnath chun caoineadh a dheunamh sa tsochraid ó'n dtig go dtí an roilig.
    Deirtí nár cheart uaig a oscailt Dia Luain. Dá bhrigh sin nuair a bheadh duine le cur Dia Luain, chaithfeadh duine eigin dul go dtí an roilig Dia Domhnaig agus fód a bhaint de'n uaig.
    Nuair a bheadh corp ag dul go dtí an roilig i dtrucaill deirtí gur bean ba cheart a bheith sa trucaill in aonacht leis an gcorp.
    An bheirt a bheadh a deunamh na huagha nior cheart d'aoinne acu a beith na cómh sloinne leis an duine marbh.
    Dá gcasfaí sochraid ar dhuine ar an mbóthar do chasadh sé agus siubhladh sé 9 gcoiscéim leis an sluagh.
    Na cathaoireacha ar a luigheadh an chomhra tar éis í thógaint as an dtig, ba cheart iad a iompó as a gcosa anáirde acu agus iad a fhágaint mar sin go dtí go dtagadh muinntir an tighe abhaile tar eis na sochraide.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge