School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 316
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luighim leis na h-aingilibh, ainglí órdha
    Is sia agus is sinne tá i gcathair na glóire
    Tar a Mhichíl gabh mo lámh, dein mo síothcháin le Mac Dé,
    Is má tá aon ní ar thí mo dhíobhgála cuir Críost idir mé agus é.
    Luíghim ins an leabaig seo mar a luighfinn san uaidh
    Faoistin go cruaith leat a Dhia
    A Mhuire Mheidhraach sa Maighdean ró glórmhar
    Tabhair domhsa radharc ar do theaghlach mhór chómachta
    Solas na soillse agus radharc na Triónóide
    agus grásta na faoidhne i naghaidh na heagórtha.
    Dia ár saoradh agus Dia ár naomhadh
    Dia ár gcosaint de dhíon ár bpobal
    Aon Mic Mhuire le na féide
    Cosain olc is earc is éiginn orainn
    Teachtaire Íosa le olla Críost
    Go raibh agam in am
    A chuireas siola ar m-anam dhílis
    In ainm Críoist a ceasadh ar an gcrann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hUallacháin
    Gender
    Male
    Address
    Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí