Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 312
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Do bios'sa lá sa Mhainisitr ag sábháilt an fhéir”
Do bios'sa lá sa Mhainisitr ag sábháilt an fhéir,
Is tháinig chugham an ainnir bhean le 'rán is le té,
Do mhóideas is do dhearbhuig na faghainnse pioc le blaiseadh di.
Muna dtugainn tástail anem di má bhionn sé i bhfaor.Do cheannuigheas speal breagh Shasana is crann i loch léin,
Cloch is clár is tairrnge i nDún na Séad,
Do chuirfinn faobhar ar maidin duit do sheasóch go ceann seachtaine
Is is bearrta bheadh an paiste agat le fáinne an laé.Dá mbadh bearrta bheadh mo phaiste-se le fainne an laé
Is mór mhór gur bhfearra liom thu na aoinne beó ded' thréud
Thógfainn liom abhaile thu is thabharfainn togha na naire dhuit
Is ní feicinn tart ar maidin ort ná i meadhon ghil an laé.As ní móinfhear mín bí aici-se ach drom gránda féir
Go ndeachaidh sé dhiom a bhearra dá fheabhas bhí mo fhaobhar
Do phreab mo chroidhe le hathtuirse is mo dhúirnín bhí ar bhaille chrith
Is deineadh rí rá 'gus ragairne de'm úirlisí goléir.- Faisnéiseoir
- Seán Ua hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí