Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 306
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Muillean Mór is ainim don áit in a bhfuil im cómhnuidhe.”
Muillean Mór is ainim don áit in a bhfuil im chómnuidhe. Seo mar a fuair se an ainim sin. (?) Do bhí muillean annf adó in a deintí iarrain. Do gheibhtí an t-iarrain i bpáírch in aice an mhuillin. Tímceall ceatrú míle ón muillean san do bhí muillean beag eile in a raibh iarrain ghá dheanamh. Muillean Beag a ghlaodhtar ar an mbaile fearthain in a raibh an muillean beag san suidhte.Sa bhfeirm in a bhfuilim im chómhnuidhe tá cumar ar a dtugtar Cumar a' Phúca. Fuair an áít sin a ainim ó phúca a chonacathas ann oidhche dhubh dhorcha. Tá áit eile ann ar a dtugtar Carn. Do baiseadh an ainim sin ar an áit sin mar tá carn mór cloch ann. Síad na daoine maithe a chuir an carn san ann le linn caisleáín a dheanamh. Áit eile iseadh Poll a Duibh. Sa t-sean shaoghal do gheibhtear (?) mianach ann chun eaduighe do dháthú.Pádruig Ua h-Úrdail
Muillean Mór- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí