Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 301
- XML “Carn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall míle go leath ón áit seo tá baile fearrain suidhte ag bun chnuic na gCeachann ar a glaodhtar Carn. Fuair an baile sin a ainim i slighe greannmhar.
Fadó deirtear go mbíodh na daoine maithe ag deanamh caisleán san áit gach oidhche. Gach aon mhaidean nuair a bhíodh píosa beag den chaisleán déanta do thiocfhadh duine eigin an treó agus do bhíodh ar na daoine maithe an píosa beag do leagadh agus imtheacht.
Aon oidhche amháin do tháinig sluaigh des na daoine maithe le chéile chun an chaisleán do chríochnún agus d'eirig go h-ionghantach leó. Ach mo chreach, an oidhche ceidhna do chuaidh capall ar straé agus an maidin go moch do chuaidh an fear gur leis an capall ghá lorg. Chonnaic muintear an chaisleán é agus do leagadar an caisleán agus ó shoin i leith glaodhtar Carn ar an áit, mar ta carn mór cloch ann,- Bailitheoir
- Donnchadh Mac Craith
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na Cloiche, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Craith
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Ard na Cloiche, Co. Chorcaí