Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Eoghainín na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do thagadh chun na háite seo is dócha go bhfuil sé ceithre fichead bliadhan ó shoin fear siubhail darb bainm do Eoghainín na hÉireann. Bhí easnamh éigin ar aigne an fhir bhoicht acht bhí sé gasta go maith i slightibh. Do chreideadh daoine go dteigheadh sé go ceithre hárda na hÉireann ag imirt liathróid coise agus iománuoichta leis na daoine maithe. Daoine boga símplí a beadh muintir na háite seo an uair seo agus chreididís a gcloisidís.
    Gheibheadh Eogainín loisdín i ngach tig ar a niarradh sé é ar a shon go mbíodh sé in aonacht leis na daoine maithe. Ní raibh fear óg ná cailín óg a bhí imighthe le bliadhanta na go raibh cuntas cruinn ag Eoghan orta.
    Oidhche dá raibh sé i dtig timcheall an bhaill seo tháinig bean des na comharsanaibh isteach agus d'fhiafhraig sí de Eoghan a raibh tuairisg ón saoghal eile aige. Dubhairt seisean go raibh. "Mhuise" arsan bhean conus tá Donnchadh Ruadh?" "Creid mé" arsa Eoghan gurab é tá go leathan láidir." "Agus conus tá Donnchadh Garbh?" ar sise. "Creid mé leat arsa Eoghan gurab é an tiomanaidhe is fearr tá na measg acht go bhfoirid Dia orainn ná fuil pinginn ná phóca aige. Dubhairt gach aoinne bhí istig gur mór an truagh Donnchadh a fheiscint gan scilling. In ainm Dé arsa Eoghainín beidh siad ag imirt báire ist oidhche amáireach shios i bPortláirge agus dubharthas liomsa cnuasach eigin airgid a bhailiú dhóibh. Tug furmhor bhí istig aon leathpinginn a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua hÚrdail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí