Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó agus iascaire ab eadh é. Bhí sé na chómhnaidhe idir aer agus talamh agus ní raibh aoinne na chómhnuidhe leis ach a mháthair. Buachaill óg lútmhar láidir ab eadh é. Bíodh sé amuigh i mbun a ghnótha moch is deanach.
Oidhche dá raibh sé ag teacht abhaile agus mála iasc ar a dhroim aige do tháinig an annsprid roimis ar an mbóthar. Chuir an bhuachail cómhartha na croise ar féin agus d'iarr sé cabhair is grásta Dé. Cheap sé go raibh sí chun na h-éisc a bhaint de agus dá bhrígh sin do tháinig dúbhailt nirt chuige. Do bhuail sé í agus do bhuail sí é le na linn sin d'airig an buachaill an gúth ós a chionn ghá rádh. "Má tá snáthad agat sáig is ná tarraig." Do dhein an bhuachaill amhlaidh agus d'imig an sprid.- Bailitheoir
- Mícheál Ó hUllacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó h-Uallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí