Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 275
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)175
Do lonuigheadh in aice tighe mháighistir Sheáin fear bocht agus is as an ngoid a dheineadh sé , a mhaireadh sé.
Bhí fios ag an ndligheadóir go mbeadh caoire cómharsan a thabhairt abhaile ag an bhfear so oidhche áirighthe agus bé an ceud teasg a thug sé do Sheán ná an chaoire do bhaint de'n ghaduidhe. Bhí Seán i ndeire na preibe le scannradh ach ambasa nior bhfada gur chuimhnigh sé ar seift. Thug sé leis dhá bhróig fé na ascail agus nuar (sic) airigh sé an foghluí ag teacht chaith sé ceann ar a chasán. Annsan d'imthigh sé leis tamall maith ón áit sin agus chaith an tarna bróg uaidh ar an gcasán le hais crainn. Ar theacht don ghaduithe ar an gcéad bróig do phioc sé aníos í agus dubhairt sé go ndeunfadh sí bróg dheas dá gharsún acht narbh aon mhaith ceann gan peire. Chomáin sé leis go dtáinig go dtí an tarna ceann, annsan bhí sé á mhallachtú fein nár thug sé an ceud ceann leis. Bé rud a dhein sé ná an chaora do cheangail de'n chrann agus filleadh ar an mbróig.Ní túisge imthighthe é na gur scaoil Seán an chaora agus thug abhaile leis í.
Bhí an dligheadóir an bhuidheach do Sheán agus ní baoghal na go bhfuair sé beile maith an oidhche sin.
Fuarthas ó: Dhiarmuid Ua Caochlaí (100bl)
Snámh- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 100
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí