Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “Sceach Gheal an Choim”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon uair amháin bhí fear ag teacht ó Chíarraighe go aonach Beanntráighe. Ar bharr Bóthar na Léime do thuit ceó air agus chuaidh sé amú.
    Cúpla lá ina dhiaidh san bhí duine de mhuinntir Laoghaire a bhí ina chómhnuighe san "gCúm" ar an gcnoc ag lorg gamhna. Fuair sé corp an fhir ann. Is amhlaidh a thuit sé le faill agus marbhuigheadh é.
    Do cuireadh in aice leis an ndroichead é, agus d'fhás crann sgeithe gile ós cionn na huagha. Deirtear go bhfaghadh aoinne a bhainfhead píosa de'n crann bás. Bhain fear piosa mór as uair agus tháinig fear amach as an gcrann agus mhairbh sé é.
    Tá an crann le feiscint ann fós ach níl sé ró mhór mar bíonn na caoirig á ithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó h-Uallacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó h-Uallacháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí