Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dearg adtuaidh báisteach is fuair
Dearg andeas taithneamh is teas.
Siobhán na bPort ag deunamh ar an gcnoch: cómhartha soininne
Siobhán na bPort ag deunamh ar an bhfairrge; cómhartha doinnine.
Reóth liath ar maidin báisteach fe'n oidhche.
Droch chómharta iseadh an dreóilín ag cantann ar maidin.
Droch chómharta iseadh fairrge garbh agus an ghaoth aniar.
Droch chómharta iseadh fainnleóga ag eitilt go híseal.
Droch chómharta iseadh an augha ag tuitim go tiugh.
Droch chómharta ceó dorcha i mbeul an chuain.
Droch chómharta lasrach gorm sa teine.
Droch chómharta fáinne timcheall an ré.
Droch chómharta gabhair ag rith leis an ngaoith.
Droch chómharta an cat agus a dhrom leis an dteine.
Droch chómharta fainne timcheall na geallaighe.
Droch chómharta ceó bán ar na haibhnibh
Droch chómharta sgiatháin ar na siongáin ruadha.
Bionn an Aoine bun os cionn leis an tseachtmhain.
Ná bíodh ionntaoibh agat as tosach Aoine no deire Sathairn no as bogha leaca an tSathairn no madra gaoithe an Domhnaig.