Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 255
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mar a bhfuil rud agat fein biodh do bholg leis an ngréin.
    Ól deoch na tarta na táinig.
    Is fearr súil i mbeal an chuain na súil i mbeal na huagha.
    Míneann gach aoinne bean bhord ach an té go mbionn sí aige.
    Digh gach siona an sioc ach bhuadhann an sior bháisteach air.
    Ní martara go daille ach is meas bheith ar buille.
    Ní theidheann stoirm thar Domhnach na Rabhta thar Ceadaoin.
    Séan tig an tabhairne no báirneach is beatha dhuit.
    Is cuma le fear na mbróg cá chuireann sé a chos.
    Moladh gach aoinne an táth mar a gheobhaidh
    An té a bheurfaidh sceal chughar beurfaidh sé dhá sceul chughat.
    Baineann an meisgeóir an dion dá thig fein is cuireann an thig an tabhairne e.
    Níl aoinne sa charraig gan a aindeise fein aige.
    Tarracidís ó na chéile é arsa fear lár an tsúsa.
    Is liagh gach othar tar éis a leigheas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Ceocháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí