School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 244
  3. XML “Seumas Gaelach agus an tIolar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timceall leath mhíle ar an dtaobh thiar den scoil seo tá cabhlach sean thighe. Annsan iseadh chómhnuig Seumas Ua Laoghaire, nó Seumas Gaedhalach mar a tugtaí i gcómhnuidhe air. Fuair sé bás ann timceall leath ceud blian ó shoin i naois ceud agus a sé blian. Thugadh sé puntar móna ar a dhrom ón bport leis gach aon lá go dtí lá a bháis.
    Ní raibh aon scannradh acht an rith a bhí ag Seumas Is mó sceul a bhí ag na seandaoine i dtaobh a luais acht is ró bhaoghal na rabhadar go léir fior. Seo ceann acu.
    Tháinig an fiolar go iothlainn Sheumais maidin Shamhraidh agus dhein an oiread san glór agus fothram agus dá mba tóirneach a bheadh ag tuitim agus mara thuit an tóirneach, do thuit rud éigin eile, go saoraidh Dia sinn. Do thuit bean a tighe i laigidheacht nuair dairig sí an fothram uathbhásach. D'feuch Seumas amach "hAnam an riadhach" ar seisean "sé an fiolar é agus mo lacha bán aonar ina ghob aige", agus dob fhior do, do bhí.
    Deirig an fiolar agus greim docht aige ar mhuinéal na lachan báine agus seo ar nós sidhe gaoithe é fé dhein na nidhe. As go brách le Seumas na dhiaidh, agus gan air acht seana bhríste is léine agus geallaisí ceangailte tímcheall a chuim. Nuair a bhí cúpla míle curta dhíobh acu bhí an fiolar geall leis leath mhíle thuas sa spéir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua hEaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí