Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Bean na Sainte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí bean na cómhnuidhe tímcheall na h-áite seo. Bhí innghéan aici dara b ainim di Síle. Ní raibh aoine eile ag cómhnuidhe leó ach an bheirt.
    Bhí mala óir ag an mnaoi agus bhí ana ghreim aici ar an ór agus ní thiosbáinfheadh sí do Shíle in aon chor é mar cheap sí go nbainfheadh Síle dhi e, ach mar sin fein bhí fhios ag Síle go raibh an t-ór aici.
    Fé dheire nuair a mhothuigh an sean bhean go raibh an bás ag druidim lei do ghlaoidh sí chúichi a h-inghéan agus dúbhairt lei an t-ór do chuir in árthach agus é leaghadh ós cionn na teine i dtreó go n-ólfhadh sí é sar bhfuighfheadh sí bás.
    Bhí an cailín ag machtnamh ar chonus a dheanfhadh sí amadán de'n t-seana mhnaoi agus fé cheann tamaill do chuimhnig sí ar sheift. Fuair sí cnapán maith ime agus chuir sí in árthach ós cionn na teine é agus leag sí ann é go raibh sé leaghte go maith.
    Annsan do chuir sí i gcupán é is do thug do'n t-sean mhnaoi e. D'ól an sean-bhean é agus bhí sí ana shásta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí