Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 231
- XML “Cúilín Lomáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá gleann uaigneach imeasc na gcnoc, timcheall míle ó'm thigse, gur bainm do Cúm na Léime. Is mó sceal tá ag na sean daoine le hinnsint na thaobh. Sa tsean shaoghal timcheall cead blian ó shoin no mar sin, bhí dachad linn tighe de Mhuintir Laoghaire na gcómhnuidhe ann. Níl ach dóthain tailimh do aon linn tighe amháin sa ghleann ar fad agus dá bhrig sin chaitheadar sligh beatha eigin seachas feirmeóireacht do tharrac chúcha. Do luigheadar amach ar robail agus ar chreachadh timcheall ortha. Bhí gach duine acu nios fearr na chéile mar amhránaidhe agus aoinne acu a theastóchadh aon chailín mar mhnaoi uaidh ní raibh uaidh acht amhrán a chanadh na lathair chun í a mhealladh leis. Is beag cailín a mbeadh ar a cumas an teiteachas a thabairt do aoinne acu ar chlosaint an tamhrán uaidh acht dá dtugadh, ba measa dhi é mar do thiochad dachad fear an oidhche sin ar muin capall agus bheurfaidís leo í.
Is mó duine a bhíodh ag dul treasna bóthair léim an tSagairt a robáileadar. Do leanadar ar an obair sin go dtí go dtáinig dream mor saighdiúirí chun an ghleanna agus bo lamhachadar a bhfurmór agus chuireadar ar an ruaig ar an gcuid eile. Ní dheaghaidh aoinne go ceann abhfad na dhiaidh sin chun cómhnuighthe sa ghleann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ua hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí