Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Bás Tisdil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó in aimsir na ndeachaite, bhí ar mhuintir na h-áite seo an deicheamhadh cuid dá gcuid barraí a thabhairt do mhinistéirí Shasana. Bhí ministir dárb ainim Tisdeal ghá bhailiú agus is minic a bhí trioblóid aige ghá dheanamh mar ní bhíodh muintir na h-áite sásta a gcuid barrraí a thabhairt uatha.
    Oidhche dá raibh Tisdeal ag dul ó Chondae Chorgaighe go Condae Ciarraidhe bhí beirt fhear ag faire air ag barr bóthair Léim an t-Sagairt chun é mharbhú. Nuair a tháinig sé go dtí an áit na raibh na fir do chas na fir air ach níor aithinigheadar é agus do sgaoileadar thársa é. Tar-éis tamail casadh bean ortha agus d'fhiafhruigheadar dí cér bé an duine a bhí gabhta thársa. Dúbhairt sí gurb é Tisdeal a bhí ann.
    Do rith na fir na dhiaidh agus nuair a thánadar suas leis do lámhachadar é. Thóg duine de's na fearaibh an uaireadór a bhí ag Tisdeal leis agus bhí ainim Tisdeal ar an uaireadóir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí