Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall cúig bliadhan is fiche ó shoin do h-aimsigheadh mian coppar sa Bhárrlinn idir Doire Cluthmhar agus Cuimín Dara. Bhí suas le fiche fear ag obair ann. Bhí fear ó Shasana dárabh ainm do Holmes mar stíobhard ann. Fuarathas alán coppar ann agus cuireadh anonn go Sasana é. D'obruigheadh é ar feadh cúpla bliadhan ach fuarathas amach ná raoibh sé torathamhail.
Bliadhantha roimis sin do bhí líon ghá sniomh ins gach tig san áit seo, agus lín-eudach ghá dhéánamh de. Nuair a bhíodh an líon fásta do stractaí as na preacha é agus do ceanghaluightí i bpunnanaibh é agus do cuirtí isteach i bpoll salach puirt é. Do fágtaí annsan é ar feadh sé seachtmhaine nó dhá mhí uaireanta. Do tógtaí amach annsan é agus do buailtí le tuairgín é agus do míníghtí é agus annsan deintí é shníomh, ach do bhíodh an lín-eudach san ana gharbh.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí