Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Ceann Capaill an tSeanmháistir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí máighistir scoile in gCaol Cill fadó dárab ainim do Donnachad Ua Súileabháin. Do bhí ceann capaill aige. Ceann mór trom ab eadh é, agus an scólaire is measa a bhíodh sa scoil chaithfheadh sé an ceann a thabhairt abhaile leis i gcóir na h-oidhche.
    Aon tráthnóna amhain thug mac Dhiarmuda Uí Shúilleabháin an ceann abahile leis. Gabha ab eadh Diarmuid. Ar maidean lár na mhaireach dúbhairt Diarmuid leis an garsún an ceann a thabhairt leis agus "ná feicim airí é" ar seisean. An tarna oidhche fuair an garsún an ceann aisís. Nuair a chonnaic an t-athair an ceann rug sé air agus chuir sé ar an inneóin é agus dhein sé míle píosa dhe leis an órd. Nuair d'airig an máighistir mar gheall ar an mbriseadh dhein sé amhrán na thao [?] Ar airigheabhair an sceul úd a thuit amach le deanaighe ar an gCairrig.
    Gurabh é Diarmuid Ua Súilleabháin gleasta do mairbh mo réice breágh chapail.
    Do bhuail se le pleasg é go trom ins an cud [?] Is níor bhfada gur claothlig a dhearca.
    Ar a raibh d'ór agus d'airgead ag Solomon ag Ceasair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí