Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 217
- XML “Cumar an Phúca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall caogadh blian ó shoin bhí fear agus a bhean 'na gcómhnuidhe timcheall na h-áite seo. Aon oidhche amháin fuair an bhean bás. Tháinig alán daoine chun na sochraide.Bhí beirt ag dul abhaile nuair a chonnacadar púca ar an mbóthar. Do leím sé thar an gclaidhe agus isteach i gcumar leis, agus ó shoin i leith glaodhtar Cumar a' Phúca ar an áit.Lá amháin bhí fear ag baint aitin in aice na h-áite, agus d'airig sé an cheól istig san chumar. Chuaidh sé chun na h-áite agus d'fheuch sé isteach agus chonnaic sé alán daoine beaga istig ann ag rínnce.Celestín Ua Ceócháin, Cúr Uí Choimeád
- Bailitheoir
- Celestín Ua Ceócháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí