Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios i nDoire na Cille tímcheall míle goleith ón scoil seo. Bhí sé ceapaithe sa t-se [?] saoghal gur ab áit ana uaigneach é bheith tímceall an leasa san ist oidhche, mar bhí sé raidhte go mbíodh spóirt agus caitheamh aimsire ag na púcaí istig ann.
Do bhí buachaill ana spóirtamhail dár a ainim do Diarmuid Ua Déagha na chómhnuidhe in aice an leasa san tímcheall ceud blian ó shoin. Do theigheadh se isteach sa lios go h-ana mhinic agus bíodh se ag rinnce ann. Do thagadh sé abhaile i ndeire na h-oidhche a meisge. Do bhíodh saghas díghe istig acu beóir a dhuineadh múintir an leasa. D'ól an buachaill úd alan de oidhche amhain. Tháinig abhaile agus níor mhair se ach seachtmhain. Dúbhairt na cómharsain go léir gur ab amhlaid do scuabadh é.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí