Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Conas mar a bhFuair Muintear Súilleabháin a nAinm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí, timcheall na h-áite seo fadó, fear go raibh ainm agus cáil a fhéile i mbéal gach aoinne i bhfad is i gcómhngar, mar nár thug sé an teiteachas d'aoinne riamh a iarr rud air, má bhí sé i na chómhact an t-éileamh san do shásamh. Diarmuid ab ainm do'n duine sin.
    Bhí cara ag Diarmuid, agus Tadhg ab ainm do. Bhí dlúth-caradas idir Dhiarmuid agus Tadhg. Uair amháin do chur Tadhh geall deich bpúnt le fear eile go dtabharfadh Diarmuid do'n bhfear san aon rud a d'iarrfhadh an fear air.
    Do ghluais na laetheanta thart agus fé dheire do bhris an lá ina rabhthas chun an mian a iarraidh ar Dhiarmuid. I lár an lae tháinig an fear go tig Dhiarmuda. D'fiafhruig Diarmuid de cad é an mian a bí uaidh. D'iarr sé ar Dhiarmuid a shúil dheas a thabhairt do.
    Bhí ionghnadh mór ar Dhiarmuid go n'iarrfhadh aoinne mian cómh mícuibhseach san ar aoinne eile, acht i dtreó ná beadh Tadhg chun deirig mar gheall ar an ndeich bpúnt a chailliúnt do thug sé a shúil don bhfear.
    Ní raibh ach an taon t-súil amháin aige annsan.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cróinín
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí