Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 193
- XML “Seanntóirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó sa t-sean shaoghal ní fheadfaí corp a chur sa roilig gan fód d'fhagháil ar dtúis ón seanntóir. B'shin páirc áirithe a bhíodh go minic abhfad ón roilig. Bhí a sheanntóir féin ag gach roilig.
Bhí an seanntóir a bhí ag Cíll Mac Camóg i bpáirc i gCúr Lom tímcheall ceithre míle ón roilig. Bhí an seanntóir a bhí ag Ceann Mara i Neidín i bpáirc sa Bhaile Nua i mBeanntraighe. Bhíodar san tímcheall fiche míle ón a chéile. Bhí seanntóir Árd na mBráthar i mBeanntraighe i bpáirc taobh thiar de Neidín, agus Garraidhe Mhurrachadh le h-ais tig an mharragaidh i mBeanntraighe bhí a seanntóir i bpáirc i nDrom Dhá Liag. Roilig Caitiliceach ab ead Garraidhe Mhurrachadh an uair sin go dtí gur thóg na Sasanaig chúcha féin é. Tá suas le dhá cheud bhlian ó bhí an nós sin ag na daoine. Do bhí sean rádh ann an uair sin, "díolfhadh ar an bhfód thú" agus sé an brígh a bhí leis ná, go ndíolfaí duine cómh macánta agus a díolfaí as fód na seanntórach.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí