Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Tadhg Geal na Cluaise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí file tímcheall an h-áite seo fadó dar a b-ainim do Tadhg Geal na Cluaise. Fear bocht do beadh é agus bíodh sé ag iarraidh déirce.
    Oidhche bhí sé i dtig agus chuaidh muíntir an tíghe 'na gcodhladh agus fágadh Tadhg i ré-leabaidh sa chistin. I lár na h-oidhche tháinig ocras air agus d'eirig sé agus fuair sé mias lán de bhainne raimhir.
    Bhí sé a d'iarraigh an bhainne d'ól agus leag sé an mhias. Bhí cat agus madra fé mbord, chonnacadar an bainne agus ritheadar [?]chuige Thug Tadhg cic do'n mhadra agus sgread sé.
    D'airig fear an tíghe an gleó. Glaoidh sé ar Thadhg.
    "An id chodhladh ataoi a Thaidhg?"
    Tadhg - "Ní na chodhladh atá Tadhg.
    Ach ar a dhrom sa leabaidh na luighe.
    Tá na lucha go deimhin.
    Le meidhir ag gearradh na dtuighe.
    Ní fheadar go deimhin.
    Cad d'eirigh ar chathaibh an tíghe.
    Ach buail an t-adhain sa bhreill ar an madra buidhe."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí