Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 174
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear tímcheall na háite seo fadó agus ní théigheadh sé ar Aifrionn in aon chor mar bhí an bríste a bhí aige ró stracaighthe. Dubhairt an sagart-paróiste leis go dtabharfadh sé bríste dó ar choinghioll go raghadh sé ar Aifrionn nuair a bheadh an bríste aige.
Bhí an fear sásta agus do fuair sé an bríste. Do chuir sé air é agus bhí sé trí órlaighe ró-fhada. Nuair a tháinig sé abhaile dubhairt sé le na mhnaoi trí órlaighe a bhaint de'n bhríste. Ní raibh d'uain ag bean an tíghe é a dheunamh agus dubhairt sí le na beirt ingín é a dheunamh. Níor chuimhigheadar san ar agus chuadar a chodhladh gan é a dheunamh. Níor chuimhnig bean an tighe ar an mbríste go dtí tímcheall a dó dheug a chlog san oidhche.
Bhí eagla uirthi go mbeadh fear an tighe ar buile ar maidin nuair ná bheadh an bríste socruighthe. D'eirig sí. Tháinig sí anuas an staighre i gan fhios do gach aoinne agus bhain sí trí órlaighe de'n bhríste agus chuaidh sí a chodhladh airís.
Uair a chluig na dhiadh san, do eirig an cead inghín agus bhain sí trí órlaighe eile de'n bhríste.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Riobárd Ua Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí