Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear tímcheall na h-áite seo ag díol muc ar aonach Bheanntraighe lá. Dhá cheann díobh a bhí aige. Tháinig ceannuidhe mór cumascach anonn chuige agus dh’fhiafruigh sé dhe an mór a bheadh uaidh ar an mhuic nduibh in aonfheacht leis an mhuic mbán. Ní raibh an Ghaedhluinn ró mhaith ag an bhfear agus níor thuig sé an ceannuighe agus is amlaidh a innis sé dho luach muice ámháin.
    Annsan do bhain sé an dá muic de ar lámh láidir agus níor thug sé dho ach luach muice ámháin ar an dá mhuic.
    Bhí brón is buairt ar an bhfear agus chuaidh sé go Dómhnall Ó Conaill agus d’innis sé a sgeal do. Nuair a bhí an sgeul críochnuigthe aige dúbhairt Dómhnall. “sín [?]anall do chluas chugham” Dhein an fear amhlaidh. Do rug Dómhnall ar bharr a chluaise. Bhain sé miotóg mhór as an gcluais agus do chuir ‘na phóca. Annsan dúbhairt sé leis an bhfear gurab fear tábhachtach an ceannuighe agus go raibh sé ag diol tobac i gCaithir Luimnighe agus ar seisean “imigh leat anois go dtí an siopa i Luimneach agus ceannuig an méid tobac a shínfhidh ó bun do choise go bár do chluaise.”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Celestín Ua Ceócháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tadhgh Ua Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí