Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímcheall dá cead bliadhan ó soin do chómnaig i Snámh ropaire dárb bainim do (Tag) Tadhg Na gCnoc. Se an fáth a glaodhadh an ainm sin air ná go mbíodh sé ins na sléibhte geall leis i gcómhnuidhe mar bhíodh na Sasanaig in a dhiaidh chun breith air.
    Do dheineadh sé na daoine saidhbhre do robáil agus do chreachadh agus cuid den airgead do sgaipeadh idir na daoine bochta. Dá bhrí sin bhí ana mheas ag na daoine bochta air agus is minic nuair a bhíodh na Sasanaig ar a thóir gur thugadar bheith istig do i gcaitheamh na h-oídhche.
    Do lean na sighdiúirí lá amháin é chun é do mharbhú agus chun stoca óir a bhí aige do bhaint de. Ba bheag an seans a bhí acu ar bhreith air mar bhí eólas aige ar gach cnoc, slíabh agus coill a bhí sa pharóiste.
    Do lean na saighdiúirí é go dlúth tré sléibhte agus tré coíllthe agus fé deire fuaireadar é agus é na chodhladh i dtig beag i gcnoc Cúm-na-Cnámha-bhig, agus do mharbhuigheadar é sar a bhfeachaidh sé iad. Ach níorbh aon mhaitheas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Riobárd Ua Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Drisceóil
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    79
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí