Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, nuair a bhí na tiagharnaí talmhan in Éirinn bhí beirt fhear ag treabhadh i bpáirc timcheall na h-áite seo in aice áite ina raibh agus ina bhfuil fós cromleac mhór.
    Bíodar ag treabhadh leó, pé in Éirinn é, agus nuair a bhí an páirc geall leis criochnuighthe agus an tráthnóna ag deunamh ortha, cad a eirigheadh leis an bhfód a bhí á threabhadh aca ach, práisléad breágh luachmhar agus an ghrian ag gliniúint ar an ór a bhí ann.
    Gan dabht, bhí ana áthas ar na fearaibh ach ní raibh sé ortha nuair a chuimhígheadar orta féin
    An uair sin bhí eagla a gcroidhe ar na daoine. Ar eagla go bhfaigheadh tíghearna talmhan na h-áite amach go bhfuaireadar é chuadar chuige ar lán tsiubhal agus thugadar do é. Ghaibh sé a bhuidheachas leó. Bhí nasc an phráisléad briste ach do cuireadh ceann nua isteach ann agus do díoladh ar chúpla míle púnt é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Celestín Ua Ceócháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí