Scoil: Barrlinn

Suíomh:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máire Ní Chruadhlaoich

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Toibreacha Beannaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Toibreacha Beannuighthe

Tá dhá tobair beannuighte ins an bparóiste seo, ceann acu i gCaolcoill le hais Cill Colm Óg agus an ceann eile ar dtaobh thiar de Bheanntraighe. Tá sé in Árd Aoibhinn, agus tughtar Beach ar an áit leis. Gleainín beag cumhang atá ann agus tá ailteór ann. Tá díon eidhneaín ós cionn na h-ailteór. Tá alán maidícroise ann. Na daoine gur leigheasadh iad do chuir ann iad.
Lá le Muire sa bhFógmhair tagann na sluaighte daoine ann ag padeoíreacht. Tá casán ar na bhfaill agus bíonn ar na daoine dul mór thimpeall cúig uaire déága, in onóir don cúig deág miorbhuilt sa coróinn Mhuire.

Bailitheoir
Máire Ní Shúilleabháin
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge