Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 072
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.”
(ar lean ón leathanach roimhe)(leanta ó lthnc 58)Nuair a bhíomar ag dul fé dhéin an loca casadh orainn duine uasal ar chapall bhreágh agus é clúdaighthe ó bhun go bárr le fuil. Eisean a mharbhuig an phiast mhillteach is dócha. Acht ní fheadar an domhan cionnas a geobhadh amach cérbhé, cun go dtabharfainn mo [?]búidheachas dó."
"Nách cuma cé dhein an maitheas" arsa S. "cómh fada agus tá an maitheas déanta"
Cuaidh S. i mbun a gnótha gac lá mar an gcéadna agus bhí an duine uasal ana fhiosrach mar geall ar bás na péiste Do labhair an cailín aimsire leis lá. "A Mháighistir" ar sise "sé mo thuairim nár mharbh éinne an phiast sin acht Seán seo 'gainne. Tá ana neart ann. Theastuig uaidh slat cúpla lá ó shoin. Rug sé greim ar crann óg agus strac sé ón dtalamh é, mar stracfadh duine eile
"Arú níor b'eadh" arsan mháighistir, "cionnas fhéadfadh é do dhéanamh. Acht ag trácht ar Sheán, caithfidh mé dul ag féucaint ar na buaibh. Tá sé ag tabhairt ana aire dóibh." Chuaidh sé amach, acht tuaisisg ar a chuid bhó ní bhfuair sé in aon áit. Annsan chonnaich sé an pholl sa bhfalla, agus ansan ós cómhair a shúl, a chuid bó i bhfeirm na n-áthach, agus féir go glúnaibh acu, agus dréir [?]dealramh na páirce ní indiú a chuaidh siad isteach ann. Isteach leis agus i dtreo na tighe móire. Chonnaich sé Seán ag sguabadh na gcapall. D'innseadh dó annsan an sgeál go léir i dtaobh na n-áthach srl. "Caithfidh tú m'inghean a phósadh anois ar seisean agus tabharfad gac a bhfuil agam dibh"
"Beidh mo dhóthain agam féin" arsa Seán agus thaisbeán sé do (féuch lthnach 80)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seámus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí