Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 051
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tig duine uasal a bhí ann agus nuair chonnaic an duine uasal Seán, ar seisean leis.
"An máighistir tú ag lorg buacalla. aimsire nó buacall aimsire ag lorg máighistir?"
"Buacall ag lorg máighistir" iseadh mé arsa Seán.
"Is maith mar a thárla mar sin" arsan duine uasal. "Teastuigheann uaim aodhaire bó, agus deanfaidh tusa an gnó"
Chuaidh Seán isteach san gcistin agus tugadh a shuipéar do. Roibún a fuair sé - sin min agus bainne. D'ith sé a raibh ann de, agus do líob sé an mhias
Ar maidin amáireach sé an biadh céadna a fuair sé i gcóir an bhreicféasta. D'alp Seán suas é agus do líob sé an mhias.
Chuaidh Seán i bhfeidhil na mbó. Ar an dtaoib eile den teorann do chómhnuig áthaig.
Bhí falla idir an dá feirm. Sé an príomh gnó a bheadh ag Seán ná, ba an duine uasal do choimeád amac ó pháircibh na 'n-áthach. "Mar" arsan duine uasal "aon bhó a théigheann isteach sna páirceannaibh sin ní fhillean sí. Chaillfí do bhó agus chaillfeá do bheatha da mba rud é gur imthigís na diaidh ós cionn an fhalla."
"Tá go maith a mháighistir" arsa Sean "tógfad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seámus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí