School: Barrlinn

Location:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 005
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.

    (continued from previous page)
    "seacht gcéad eile fé sheacht".
    Annsan dubhairt sí go raibh sí cun aghaidh do thábhairt ar Theamhar, agus go marbóchadh sí an t-árd ri agus bean Fhinn leis, agus annsan ní bheadh aon leath-sgéal ag Fionn, acht í féin do phósadh.
    D'imthig sí agus d'fhág sí bean coinnleacht ag tabhairt aire dos na priosúnaig an fhaid is bheadh sí imthighthe.
    Bhí gac éinne i gcruaidh-chás. Annsan chuimhnigh Diarmuid Ó Duibhne ar sheift. Bhí ball searc aige 'na chléibh, agus aon bhean in aon chor a fheicfeadh an ball san, thuitfeadh sí i ngrádh leis.
    D'osgail Diarmuid brollach a léine i dtreó go bhfeacha an bhean choinnleacht an ball searc. Thuit sí ingrádh leis ar an nóimeat agus gabh truagh di agus bhain sí an draoidheacht díobh go léir agus bhíomar saor annsan airís. Sé an céad rud do dhein Conán Maol nuair a bhí sé saor, ná an ceann do bhaint di. Bhíodh droch-aigne ag Conán i gcómhnuidhe.
    Ag an am so, bhí an bhean mhór imtighthe ibhfad ón áit, acht thánamar sual léi. Dubhairt Oscar nach raibh aon eagla air féin roimpi, agus go dtroidfeadh sé léi gan airm ar bith, acht le'n a [?]. Ba dheas léi é sin agus thosnuigheadar ag troid. Bhí an bhean ag faghail an láimh-uachtair air, nuair do labhar mise leis:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí