Scoil: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste

Suíomh:
Réileán, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0343, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0343, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh Pádruig óg ar sgoil lá. Ní raibh sé ar sgoil riamh roimhe sin. Nuair a tháinig sé abhaile, ars' a mháthair leis "Conus ar eirig leat a chuid?" "Go bréagh a mháthair arsa Padruig "ach níl morán eolais ag an múinteóir." "Cá fios duit arsa a mháthair" "Ó" arsa Pádruig "chuir sí ceist, agus ceist, agus ceist arís orm-sa, agus fé dheire cad a bhí ag teastáil uaithe, ach "Cé mhéid a dó a's a dó?" "Ós rud é ná fuil an méid sin aici, raghad go dtí sgoil eile amáireach"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Bhí fear ann fadó, agus bhí cailín aimsire aige. Cailín ana leisgeamhail ab'eadh í. Lá amháin ba mhaith leis fear an tighe dul go dtí an t-aonach. Bhí an lá ana fhluic agus na bóithre salach. Thug an cailín aimsire na bróga dó, d'fheac sé ortha agus ansan dubhairt sé "Cad na thaobh nár ghlanais mo bhroga?" "Niorbh fhiú iad do glanadh" ar sise", "beigh siad salach arís i gceann neomat"
    Ní dubhairt fear an tighe a thuille. Bhí cómhra ins an dtig, in a mbíodh an biadh agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.