Scoil: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste
- Suíomh:
- Réileán, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá áirithe d'imthig beirt garsún ag piocadh cnó. Mála amháin a bhí eatortha. Nuair bhí sé lán chuadar abhaile. Tháinig siad go roilig a's chuadar isteach inti, mar bhí sí ana cúin cun na cnó do roinnt. Bhí poll 'san mála a's thuit dá ceann amach sar a chuadar isteach.
Bhí sin go maith a's thosnuig an roinnt mar seo "Tógfad é seo" "Tógfad é seo" gachre uair. Sa deire tháinig bean 's chuala sí an cainnt. D'fhan sí ag geata na roilige. Bhuail sgannradh dí a's rith sí. Bhuail sí le fear eile, a's dubhairt leis go raibh Dia agus an Diabhal ag áireamh ann. Níor chreid sé í agus chuaidh an bheirt suas arís ag éisteacht leis an cainnt. - "Tógfad é seo" go dtí go rabhadar tuirseach. Sa deire stadadar. "Anois" arsa duine de'n mbeirt istig "tá gach rud atá againn annso taréis roinnt" Teighmís amach anois, a's faghaimís an dá ceann atá lasmuigh de'n roilig. Sgiúrd an bhean a's an fear síos an bóthar comh luath agus chuala siad na focail sin.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Rioghardáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Réileán, Co. Chorcaí