Scoil: Maghcromtha (B.)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Deasmhumhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maghcromtha (B.)
- XML Leathanach 246
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Leisge dul ag codhlad, leisge ag eírge, an timcheall chun na h-oibre is an chómhgar chun an bhídh.”
Leisge dul ag codhlad. Leisge ag eírge, an timcheall chun na h-oibre is an chómhgar chun an bhídh
Is minic a bainfead duine slat a buailfeadh é feín
Is olc an cú nach fiú fead a leigint uirthi.
Is cuma ná muc duine gan seift.
Duine i mbaile nó baile i bparóiste.
Is feárr síor-obair ná sár-obair.
Dia lem’ anam ach níl ann ach iasacht.
Is feárr glas ná amhras.
An té ná h-eol dó labhairt ní h-eól dó éisteacht.
An té a bhíonn diamhaoin óg bíonn sé laídir críonna.
Is minic gur comhairle maith an droch-chómhairle.
Ná mol le h-eagla go gcaínfá
Ní coidreamh go h-aontigheas.
Is dall súil i gcúl duine eile.
As an gnó faightear an t-eólas.
Nuair a théigeann tú go Róim bí Rómhánach leó.
Ar eagla an easbaidh is maith bheith spártha lághach.
Prátaí beag, prátaí mór, is buille duirn má theastuigheann uait.
Nuair is éigin do’n cailleach caitheann sí rith.
Bearla níl agam ní chanaim a h-órd ach
Gaedhilg liom labhair agus freagra gheobhair.
Is minic a deineann braimín giobalach capaillín cumasach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Risteard de Brún
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí