Scoil: Maghcromtha (B.)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Deasmhumhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maghcromtha (B.)
- XML Leathanach 235
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal d’airigheas cúpla bliadhain ó fear aosta atá ‘na chomnuide uin aice liom-sa; sé an ainm atá air ná Míchéal Ó Criodán.
Tá áit in aice le Mágh Cromtha ar a dtugtar Mágh Cluain Eich. Tá roilig ann agus i lár an roilig sin tá sean-mhainistir. Fadó bhí manaigh ‘na gcómhnuidhe ann. Lá amhain d’airigheadar go raibh saigdiúirí ag teacht ortha chun iad do mhairbhúighadh. Do theitheadar ón mhainistir. Tamall beag ‘na dhiaidh sin tháinig na saighdiúirí agus capaill agus madraí aca. Nuair a fuaireadar amach go raibh na manaigh imighthe chuadhadar ‘na ndiaidh.
Rugadhar ar na Manaigh agus do mairbhuighadh iad go leir ar barr cloiche móir; agus go dtí lá indui tá cómhra cos chapaill, cos fir, agus cos madra le feiscint ar an gcarraig. Níl an cloch mór sin san áit ceadhna anois ach tá in aice na háite. Ní fasann aon féar san áit ‘na raibh sé ar dtúis.- Bailitheoir
- Conchubhar Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sléibhín Thoir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Míchéal Ó Criodán
- Inscne
- Fireann