Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”
  4. XML “Scéal Eile”
  5. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ní dheacha bean dá leanbh thart ó bhíomar ag cur an tsíl annseo," adubhairt na fir. "Ag magadh atá sibh!" adubhairt an caiptín, "agus má's eadh íocfa sibh go daor as." "Ní magadh é. Níl ann acht lom-chlár na fírinne." "Níl ionnta seo acht bobarúin" adubhairt an caiptín. "Caithfimíd a gcuartughadh in-áit éigin eile."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Shaothruigh Máthair Dé an saoghal go cruaidh, comh cruaidh cráidhte sin go mbíodh truaighe ag éanlaithe an aeir féin dí.
    Do tháinig na fáinleoga thart tráth nuair a bhí sí in a seasamh ag bun na Croiche ag caoineadh Chríost Céasta; gur eitealladar thart thart uirri; gur chuimligheadar iad féin dá gúna fá dheoigh ag cur a dtruaighe i n-iúl dí.
    Do thuit deor guirt na Máthar ar bhrollach fáinleoige san am agus níl lá ó shoin nach bhfuil ball bán le feiceál ar bhrollach na bhfáinleog mar chuimhne ar an lá úd dhá mhíle bliadhan ó shoin beagnach nuair a rinneadar comh-bhrón léi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.