Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 034

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 034
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Máthair Íosa ag teicheadh ó'n Eigipt leis an Leanbh Íosa, siubhail sí léi go tapaidh ar eagla go mbéarfadh na saighdúirí uirthe. Ní raibh acht sgathamh beag de'n bhóthar suibhalta Aici, ámh, gur cuala Sí torman na saighdiúir arís eile Connaich sí criathrach isteach Uaithe, criathrach a raibh geolcaigh mhóra fhada ag fás ar bhall annseo is annsúid ann.
    Do chuaidh Sí isteach go ndeacha chúl paiste giolcach ann, go ndeacha i bhfolach ó na saighdiúirí. Go díreach nuair a bhí na saighdiúirí ag dul thart ar aghaidh na ngiolcach thosuig na giolcaigh ag craitheadh agus ag siosmarnac go gceapthá gur ag innseacht do na saighdiúirí go raibh duine éigin in a measg 'seadh bhíodar.
    Bhí croidhe na Máthar agus gach uile "thú! thú!" aige le eagla go dtiocfadh na saighdiúirí isteach agus go ngabhfaidís A Leanbh. Sheas na saighdiúiri ar aghaidh na ngiolcach gur bhreathnuigheadar isteach acht sin a ndearnadar. D'orduigh an an caiptín dóibh bóthar a bhualadh. Leig an Máthair dóibh imtheacht as éisteacht sul ar corruig sí.
    Ar dteacht amach ó chúl na ngiolcach do'n Mháthair 'seadh adubhairt sí:- "D'féadfadh sibh a bheith in bhur dtost an fhaid is bhí an Leanbh Íosa ar A chaomhamhaint in bhúr measg d'fhéadfadh sin" ar sise"
    Níl aon lá fiú an lae is cúine dá mbeadh ann, nach gcloisfe an cluas ghéar siosmarnach brónach ag teacht ó ghiolcaig is chuma cá mbíd thoir ná thiar am éigin rith an lae. Bíonn [?]brón
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Ní Thuathaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Mac Uí Chuíll
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Maigh Chromtha, Co. Chorcaí