Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 031

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 031
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cia nách paróiste mhór paróiste Chill-na-Martra níor mhar sin a bhí an sgéul san am fadó roimh theacht na Sasanach go hÉirinn, mar bhí paróiste Baile Mhúirne agus roinnt de pharóiste Chluain Droichead ag gábhail léi. Is sa taobh thoir de'n pharóiste a bhí an sean-séipéal san áit go bhfuil roilig Chill-na-Martra anois. Ní raibh ann acht fotharach chínn tuighe, mar ná raibh slinn le fághail san am san. Bhí iomard mór sa sgéal so, toisg go raibh an pharoiste go léir laistiar de'n tséipéal, agus na theannta san ní raibh an sagart na chómhnuidhe i gcómhgar an tséipéil mar is i gCarraig an Phúca a bhí tig an tsagairt suidhte.
    Is fé choimirce Naomh Lachtín atá Cill-na-Martra. Tá tobar ann ina ainm agus is mó turas a thugadh na sean daoine fadó ar an dtobar so, agus is iomdha gearrán agus aicíd a leigheasadh ann. Tá an tobar so clúdaighthe le leacachaibh móra, agus tá dhá fhuinneóig air chun solus a thabhairt don duine a bheadh istig. Ag cúl an tobar tá leach mór teann atá cómh h-árd le leac chínn uagha na seasamh agus mórán slíghe mór tímpal an tobair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peg Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caol Fuinseann, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Mhurchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí