Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Muire Máthair ag teicheadh 'on Éigipt le na Maicín Múirneach a tharrthughadh ó'n droch-rí de námhaid a bhí Aige shiubhail sí léi ar luathas rith na hoidhche sin. Níor stad sí gur bhreac an lá. Bhí sí tuirseach sáruighthe go maith tar éis A haisder rith na h-oidhche gur shuidh síos ag cros-bhóthar le n-a sgíth a leigean. Do bhí A croidhe buadheartha ó imnidhe agus eagla agus ádhbhar Aici leis ar ndóigh. Níor bhfada in a suidhe dí gur chuala sí tormán na saighdiuir ag teacht ar an mbóthar le n-A cúl. Ní raibh áit Aici le dul i bhfolach agus níor chabhair dí féachaint le teicheadh uatha [?] bhí sí tugtha traochta agus bhí tuairim Aici go dtiocfaidís suas léi gan mhoill. Níor bhféidir léi tada a dhéanamh acht fanacht mar bhí sí agus A muinghin a chur i nDia na Glóire go dtiocfadh Sé dá cabhair agus de chabhair A maicín Mánla. D'fhan sí in A suidhe gur chuach A naprún thart ar an leanbh len-A fholach. Thosuigh Sí uirri annsin le na "huisín! huis ó !" ag iarraidh A chur a chodladh is ag rádh nár bhaoghal dó; go gcosnóchadh Sí féin tre Dhia A Maicín ó gach uile chontabhairt. Do bhí na saighdiuiri Chuici i gceann cúig nóiméad. Ní aon mheidhir a bhí orra óir níor thaithnigh leo gur baineadh a gcodladh díobh agus go raibh orra a bheith ag gluaiseacht is ag cuartughadh annso is annsiúd ar feadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Drischóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na Croise, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na Croise, Co. Chorcaí