Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chaith Íosa Críost, moladh go deo leis, deich mbliadhna is fiche d'á shaoghal i Nasaret sar a thosnuigh Sé ar an gcreideamh do chraobhscaoileadh agus an eaglais do chur ar bun. Annsan nuair a thánaigh an t-am, do thaisbeán Sé é féín ós chómhair an domhain. Ba mhór an obair a bhí ann, agus ní raibh ach tamall beag aige; ach do stad Sé go minic chun seal a chaiteamh i leath-thaobh ón tsluagh.D'fhan ár bpátrún naomhtha i nGuagán ar feadh tamaill mhaith. I gciuineas na h-áite do chuaidh sé ar aghaidh go seóigh i naomhthacht, agus fé dheire nuair a bhí sé ullamh i gcóir na h-oibre móire gurbh é toil Dé a thabhairt dó le dhéanamh, do cuireadh aingeal ag triall air agus dubhairt sé le Fionnbarra: "Ní hé seo áit d'eiseirighe," agus do sheól sé soir é go dtí corcach a bhí ag bun abhann na Laoi, agus dubhairt an t-aingeal leis: "Fan annso, mar is í an áit seo áit d'eiseirighe." D'fhan sé ann agus do chuir sé eaglais ar bun agus i gcionn tamaill tógadh mainistir agus sgoil ann leis. Do leath clú na sgoile ar fuaid na tíre go léir, agus thánaigh mic-léighinn 'na sluaightibh ag lorg oideacais ann.Bhí Fionnbarra 'na easbog ós cionn na h-eaglaise i gCorcaigh ar feadh naoi mbliadhna déag. Le linn an ama sin do lean sé ar an obair ag bunughadh teampall ag deanamh sagart is easbog, agus ag craobh-scaoileadh an chreidimh. Fé dheire do chonnaic sé go raibh aimsir a bháis tagaithe. Do ghluais sé ag triall ar Chill na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Ois, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Úi Lusaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Ois, Co. Chorcaí