Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gCuigeadh Connacht, ach d'fhág sé siúd a bhaile dhúthcais, agus thánaig sé adthuaidh go Musgraidhe mar a raibh sé 'na árd-ghabha do Rí darbh ainm Tighearnach. Bhí dún an Ríogh so i Ráthlín in aice le Droichead na Banndan. Is ann de réir deallraimh a saoghaluigheadh Fionnbarra. Níorbh é sin an ainm a bhí air ó thosach. Lóchan a b'ainm dó, ach toisc dath áluinn a chuid gruaige agus é ag éirighe suas do tugadh Fionnbarra air. Fuair sé oideacas maith, i dtreo is go bhfeadaimid a rádh 'na thaobh i bhfoclaibh Lúcáis Naomhtha gur chuaidh sé ar aghaidh in eagna agus in aois agus i ngrásta i láidir Dé agus daoine! Is mó áit a shiubhail sé ag craobh-scaoileadh an chreidimh. Deirtear go raibh suas le dhá eaglais déag bunuighthe aige agus é óg fós. Mar sin féin taidhbhsigheadh dó go raibh gníomh árd uasal le déanamh fós, agus go mbeadh breis nirt is grásta Dé ag teastáil uaidh cuige. Ní raibh sé ullamh a dhóithin do réir a thuairime féin. Dá bhrígh sin do shocruigh sé dul ar leath-taoibh ó'n saoghal, i dtreo is go mbeadh sé d'uain aige caidreamh níos dlúithe a bheith idir é féin agus Dia na ngrást.Tháinigh aingeal ag triall air lá, agus threoruigh sé an naomh go dtí áit fhiadhain iargúltach i lár na gcnoc go dtugtar Guagán Barra ó shoin air. Nuair a thug Fionnbarra aghaidh ar Ghuagán ag lorg suaimhnis agus grásta Dé, ní raibh sé ach ag leanamhaint rian ár Slánuightheóra agus na naomh ba [?](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Ois, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Úi Lusaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an Ois, Co. Chorcaí