Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deireannach de na Gallaibh. Ní ghéillfeadh duine aca san ach chómh beag as ghéillfeadh duine den bhuidhin Ghaedhealach.
Triúr Gaedheal do thuit ann .i. Mícheal Mach Cárthaigh, ó Dhún Maonmhuighe, Séamas Ó Súilleabháin, ó Chill Mín, Clo' na Coillte, agus Pádruig Déiseach (buachaill ná raibh sé bliana déág slánuithe aige) ó Chill Mhic Simeoin, Droichead na Banndan. Tomás de Barra, Ros ó gCairbre, an ceannphort a bhí ar na Gaedhealaibh ann. Chun cuimhne an lúigheacáín sin a bhuanú do ceapadh an t-amhrán so leanas.CILL MHICHÍLA Chill Mhichíl, a Chill Michíl, is binn linn do stair,
Beidh árd-cháíl agus meas ort go bráth,
Measg do chreag 's do dhíog, gan breis dín ann d'éan fhear,
Bhuaidh ár muintir go glan ar an námhaid;
Tagaidh slán! tagaidh slán! a sháirfheara groidhe,
Traosluighmíd o croidhe díbh bhur ngail,
Cúis mhaoidhte go bráh, cúis áthais bhúr ngníomh
'S cúis don claonstoc thar learII
Ó Máh Chromdha a dtuaidh, le fuadar nár mhaith,
Agus nimhneacht 's fala n-a gcroidhe,
An dream Galldha so ghluais 's níorbh uasal a ndreach
Bhíodar ullamh chun creachadh 'gus fill;
Tráthnóna an lae ar a dtéarnamh tar n-ais
'Seadh baineadh an preab as na búir,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhredileuch
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Dorcha, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Dorcha, Co. Chorcaí