Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - go 1650”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine úd - Cormac Mac Thaidhg, athair an duine úd - Cormac Mach Thaidhg Muscraighe - do dhein Cambden agus úghdair eile tráit air mar duine tábhachtach in aimsir na Bainrioghan Eibhlis. D'éag Tadhg Mach Cárthaigh san gCaisleán sa bhliadhan 1565.
    Ba san seachtmhad aois deag a thosaigh beatha an chaisleáin i gceart. Sa bhlian 1602 bhí Diarmuid Mac Cárthaigh 'na chómhnuidhe san áit. I Meadhon Fóghmhair de'n bhliain sin, do thóg an Tíghearna Searlas Wilmot an caisleán tar éis léigear an-fhada san t-slíghe seo. B'é "Smith" an t-úghdar ("Stair Corchaighe") Thugann an cur síos dúinn (leath 159-160).
    "D'éaluigh Cormac Mac Diarmuid Cárthaig, an Tíghearearna Múscraidhe a bhí 'na chómhnuidhe ann, ó'n Tíghearna Uachtarán. Ag an am gcéadna, bhí an Tíghearna, Seárlas Wilmot agus a arm in Mághchromta agus iad mór thimcheall ar an gCaisleán ag iarraidh é do chur fé 'na smacht. Ní raibh sé ag éirighe ró mhaith leo mar bhí na daoine a bhí istigh ró-laidir, ró-chliste, ró-chalma dóibh. Bhí eagla ar an dTÍghearna Uachtrán go dtiocfadh Cormac Mac Dhiarmada Cárthaigh ar ais le h-arm agus annsan nach mbéadh seans ag Séarlas Wilmot, ridire, imtheacht saor ó'n áit. Dá bhrígh sin, d'órduigh sé go bhfillfeadh an t-arm ar ais go Cathair Chorchaighe. Ba leasc le Séarlas, Ridire, filleadh.
    An oidhche roimh theacht ar ais dó, thosnuig teine istig 'san gcaisleán. Is mar seo do thárla é do bheith ann - do mhairbhuigh na saighdúirí a bhí istig, muc. Do bhí easba uisce ann agus dá bhrígh sin, ní raibh aon uisge aca chun an muc do sgóladh. In ionad é sin do dhéanamh annsan, chuireadar an mhuc ós chionn teine a lasadh le duilleóga, chun na guairí do dhógadh dhe. Ach mo mhairg; trí thonoisch do chuireadar bothán a bhí san mbán ar lasadh. Do leathnuigh ar an dteine agus chuaidh lasair ó dhíon tuighe an bhotháin, isteach tré fhuinneóig sa chaislean. Do thárla go raibh roinnte geire san áit sin agus ní raibh níobh' fhada go raibh an caisleán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síobhan Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na Rómhánach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Séan Ó Mhurchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuaim, Co. Chorcaí