Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Scéal Crábhaidh - Naomh Peadar agus Ár dTiarna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Cuimhnigh ar phianta Íosa,
    A's brón is buadhairt ní bheidh ort choidhche."
    Fadó, bhí náisiúin an domhain ar fad gheall leis, fé chomhacht na Rómhanach. Nuair a bhíodh na Rómánaigh ag leathanú a gcomhachta dheinídís bóithre móra leathana ó'n Róimh go dtí sna h-áiteanna nuadha a bhíodh fé n-a smacht acu.
    An Bóthar Appia a b'ainm do'n cheann a bhí ag dul ó dheas ó'n gCathair go dtí Brindísi. B'é cúis gur tugadh an ainm sin air, ná gur le linn aimsir Appius Claudius do deineadh é.
    Is mó bliadhain tar-éis bháis Appius, nuair a bhí a mhalairt do riaghaltas sa Róimh do tugadh 'na phriosúnach fan an bhóthair sin, Naomh Pól, chun é do thriail os comhair breithimh sa Chathair.
    Fan an bhóthair chéadna a bhí Naomh Peadar ar teicheadh ó'n ngéirleanamhaint uathbhásach a h-imreadh ar na Críostaithe in aimsir Neró. Deirtear ná raibh sé i bhfad ó'n gCathair nuair a casadh ár dTighearna (moladh go Deo leis) air. Bhí cros mhór 'á h-iompair ag an dTighearna. Tháinig iongnadh ar Pheadar nuair a chonnaic sé é.
    "Ó, cá raghair, a Thighearna?" arsa Peadar leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallacháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cúil Chise, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán O' Tuama
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil Chise, Co. Chorcaí