Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)timpall trí troighthe déag ar leithead agus d'éaluigh sé. Glaodtar "Léim an Fhiaidh" air leis.Baineann beagán staruidheachta leis an áit seo. Troideadh cath fuilteach ann timapall an bhliadhain 1847. Glaodhtar "Cat Céim an Fiaidh" air. Is tagarit do'n chat seo i n-amhrán go bhfuil ainm na h-áite áite air. Dhein bean-fhile an t-amhrán so agus mórán eiel mar aon leis. Máire Ní Laoghaire b'ainm di ní tugtar "Máire Bhuidhe" mar leas-ainm uirri. Ní ró-fhada ó'n áit a bhí a tig comhnuighthe. Bhí na Sasanaigh ar thaobh agus na h-Éireannaigh ar an dtaobh eile. Marbhuigheadh fear gurb' ainm dó Smith (?) agus Sasanach a b'eadh é. Cuireadh is seana phort é an chéad oidhche. Bhí eagla ortha go sgéithfeadh duine éigin agus tógadh an corp agus rugadh ó thuaidh é go Muinn Fliuch agus cuireadh ann é. Tugtar "Muinn na Biorraidhe" mar ainm air. Fuair na saighdúirí amach mar gheall air agus dheineadar d'fiacaibh ar fear éigin é thóghaint. An poll as ar tóghadh é bíonn rud iongantach ag baint leis, mar dathuigheann an t-uisge éadaigh buidhe. Áit ana fliuch iseadh é agus tá clúmairt maith ann. Cheap file éigin an dán so(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gobnait Níc Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Códrom, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Maitiú Mach Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí